We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht, de bharr breoiteachta, sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010), iad araon foilsithe ag Coiscéim.
Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra.
Orla Uan is the story of a lamb who befriends a young boy called Ruairí from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry. It is the first book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Ruairí and his friend, Orla the lamb.
ISBN/EAN | 9780906096208 |
---|---|
Author | Eibhlín Uí Iarlaithe |
Publisher | Oidhreacht |
Publication date | 1 Nov 2015 |
Format | Paperback / Bog |