We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Seo é an tarna leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín. Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht, de bharr breoiteachta, sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí agus Mo Ghúna Síoda Buí, iad araon foilsithe ag Coiscéim.
Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra.
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a mhaoinigh.
Orla Uan is the story of a lamb who befriends a young boy called Ruairí from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry. It is the first book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Ruairí and his friend, Orla the lamb. This time around they attend school together and learn to sing and dance at school.
ISBN/EAN | 9780906096192 |
---|---|
Author | Eibhlín Uí Iarlaithe |
Publisher | Oidhreacht |
Publication date | 1 Nov 2016 |
Format | Paperback / Bog |