We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Leabhair páistí / Children's Books in Irish
-
Sa Bhaile€6.99
Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Is cuma cén áit a mbímid is maith linn dul abhaile. Sa leabhar gleoite seo tá cur síos ar áit chónaithe roinnt leanaí agus a muintire ar fud an domhain. Grianghraif den scoth ann ó Uganda, ón Rómáin, ón tSín gan ach cuid de na háiteanna a lua.
-
Alberta sa tóir ar an nGrá€6.99
Ca bhfuil an grá? Ní gá dul á lorg. Nach raibh sé sin ar eolas agat? Tiocfaidh an grá chugatsa. Aithneoidh tú féin é i do chroí istigh!
-
I Measc Vaimpírí€8.00
Tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó, áitiú air triail a bhaint as cónra? Ach is nithe iad siúd atá ag cur intinn na mbuachaillí ar seachrán ón gcúis ar tháinig siad chuig tír na vaimpírí ar an gcéad dul síos. Agus... See more
-
Iománaí ón Iasacht€8.00
Buachaill óg as an bPolainn é Karol Laska agus é ag cur faoi in Éirinn ó bhí sé an-óg. Ón gcéad lá a chonaic sé buachaillí óga ag lascadh liathróide le maidí aisteacha ina lámha, mar ab fhacthas dó iad, ba é mian a chroí a bheith ina shár-iománaí.
-
-
Matrioisce€10.00
Lá breithe Mara atá ann. Tá trí bliana déag bainte amach aici. Ach an bronntanas a thugann a máthair di ná sraith bábóg maitríóisce ón Rúis – an saghas bronntanais a gheobhadh cailín beag, agus bábóigín amháin acu caillte, fiú.
-
Mamó agus an Peileadóir€7.99
Tá Ciara ag dul ar saoire lena seanmháthair agus a máthair ach b’fhearr leí féin a bheith ag imirt peile. Ach buaileann sí le cairde nua ar an oileán agus bíonn an-spórt acu le chéile. Cailleann sí liathróid bhreá a dearthar, áfach, agus tá brón an domhain uirthi.
-
Mistéirí Móra€3.99
Déantar cur síos ar roinnt de mhistéirí móra an domhain sa leabhar seo. Leithéidí an Marie Celeste, Mallacht Thútancamóin, El Dorado, agus araile. Is beag déagóir ar domhan nach gcuirfeadh suim sna mistéirí sin. Ar nós na leabhar eile atá in aon tsraith leis seo tá na focail dheacra sa téacs... See more
-
Mna as an Ngnath€3.99
Déantar cur síos sa leabhar seo ar scata ban a bhain clú amach dóibh féin agus a d’fhág a rian ar an stair. Beirt Éireannach atá ina measc, Bidí Early agus an Chuntaois Markievicz.
-
An Nollaig Thiar€10.00
Suitable for young readers (5th & 6th Class) and general readership. A new edition of Breandán Ó hEithir’s classic memoir of Christmas as a boy growing up on Inis Mór in the Aran Islands.