Leabhair páistí / Children's Books in Irish

Items 21-30 of 737

Set Ascending Direction
  1. Drámaí Bunscoile
    Fil Uí Dhubhghaill/Jane Shimizu
    €20.00

    Scripteanna do dheich ndráma nua-scríofa, atá feiliúnach do pháistí sa rang sóisearach – ó na naíonáin mhóra go rang a dó. Cuimsíonn gach dráma ceol agus amhráin nuachumtha, ar féidir iad a shruthú ar líne. Tá 55 rian ar fáil le sruthú ar líne. Is ceoldrámaí iad naoi gcinn de na drámaí sa leabhar agus tá dhá dhráma Nollag ann freisin.

     

  2. Ortha an Tuama: De Bheoibh No De Mhairbh
    Jean Leturgie, Simon Leturgie
    €9.99

    Ní fada ó cailleadh máthair Líse, ach ní chuirfidh sé sin aon stop leis an gceiliúradh a bhí beartaithe aici dá fichiú breithlá. Cumann Pól manglam marfach anach as na biotáillí aduaine i bhfánchúinní na cistine, agus cuireann Neidí a phutóga amach dá thoradh - a chuid urlacain síos le fána agus isteach sa reilig in aice láimhe. 

  3. An Mac Tire Deireanach
    Patricia Forde
    €8.99

    Éire, 1652. Tá saol Úna trína chéile – tá fear uafásach darbh ainm Cromail tagtha go hÉirinn lena chuid saighdiúirí. Tá gunnaí acu – uirlisí nua, scanrúla a d’fhéadfadh duine a mharú ar an toirt. Tá eagla agus imní ar na daoine, agus ní hiad siúd amháin atá thíos leis – tá Cromail ag iarraidh gach mac tíre in Éirinn a mharú, chomh tapa agus is féidir.

  4. Míp agus Blípín
    Máire Zepf
    €9.99

    Nuair a sheolann na heolaithe ar an Domhan pacáiste speisialta breithlá go Míp ar Mars, tá sí ar bís. Istigh ann, tá Blípín –  róbat beag nua atá in ann eitilt – agus cara do Mhíp. Ach cén fáth, mar sin, a mhothaíonn Míp buartha faoin róbat beag nua? (Agus an dtiocfaidh siad ar na heachtráin faoi dheireadh?) Tá an scéal seo faoi leanbh úr lán le haicsean agus lán le croí.

per page