Is file bisiúil í Dairena Ní Chinnéide a scríobhann óna croí agus a fhiosraíonn an saol go hinniúil oilte. Sa chnuasach nua seo léi, taiscéalann Ní Chinnéide an áit sin idir eatarthu, an áit ina dtarlaíonn an t-athrú, idir an gortú agus an cneasú nó idir an cheist agus an freagra; is ansin a tharlaíonn an mhórchuid agus is ann a mhaireann na dánta sa chnuasach seo.

‘Tá cothú anama ar fáil sna dánta seo do léitheoirí na Gaeilge agus, ní hé amháin go gcaitheann siad lóchrann solais agus tuisceana ar leochaileacht an duine, ach tugann siad aitheantas chomh maith don mhisneach agus don teacht aniar a thabharfaidh slán fós as gábha na huaire sinn.’ – Máirín Nic Eoin

Tá líníocht fite tríd an leabhar leis an ealaíontóir Kim Sharkey.

More Information
ISBN/EAN 9781916047099
Author Dairena Ní Chinnéide
Publisher An Gum
Publication date 30 Jun 2021
Format Hardback / Crua
Write Your Own Review
You're reviewing:Tairseach (Crua)

Tairseach (Crua)

Dairena Ní Chinnéide
€14.99
Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery