Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille – ó chúlsráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort – agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.

Bernadette Nic an tSaoir a d’aistrigh.

Ón Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag ionradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis, buíon daoine atá i gcruachás agus ar gá dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán.

An dara leabhar de chuid Thríológ Mharseille le Jean-Claude Izzo.
Leis an údar chéanna: Kíor Thuathail (an chéad leabhar sa tsraith)

More Information
ISBN/EAN 9781913814281
Author Jean-Claude Izzo
Publisher Leabhar Breac
Publication date 1 Jan 2022
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Siúrmó

Siúrmó

Jean-Claude Izzo
€15.99

Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille.

 

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery