Turas ó Inbhir Nis go Bucairist

Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara  go Vársá.

Scéal File agus Fánaí

Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ó mhí go mí.

Bóthar Soir Siar trí Dhúchas na hEorpa

Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo, Seacht dTír Seacht dTeanga. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.

More Information
ISBN/EAN 9781913814106
Author Diarmuid Johnson
Publisher Leabhar Breac
Publication date 1 Aug 2021
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Seacht dTír Seacht dTeanga

Seacht dTír Seacht dTeanga

Diarmuid Johnson
€15.99

From Inverness go Bucharest. A travel book, a language book, a song book, and a music book. A book about people and places from the author’s travels in Europe in the last forty years. From Inverness to Bucharest, from Connemara to Warsaw.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery