We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Úrscéal sa tsraith ‘Oileán na Leice’ é Raic. Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil sa ghnó a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti.
Chun éad a chuir air glacann sí le cuireadh dul amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite. Beidh sé ina raic fós!!
Nasctar déagóireacht agus rómánsaíocht an tsamhraidh go paiteanta le scéinséir a bhaineann le gadaithe neamhscrupallacha agus le long lastais luachmhar ar thóin na farraige.
ISBN/EAN | 9781909907607 |
---|---|
Author | Maire Ui Dhufaigh |
Publisher | Leabhar Breac |
Publication date | 1 Jan 2015 |
Format | Paperback / Bog |