I 1976 thosaigh rialtas na Breataine ag maíomh nach raibh i bpríosúnaigh phoblachtacha sa tuaisceart ach coirpigh. Sheas na príosúnaigh air gur cimí polaitiúla a bhí iontu: dhiúltaigh siad éide an phríosúin a chaitheamh agus obair an phríosúin a dhéanamh. Iidr 1976 agus 1981 mhair na céadta díobh ina gcillíní sna Blocanna H gan d’éadaí acu ach pluid, agus a mbanchromrádaithe i bPríosún Ard Mhacha ar stailc níocháin. Chríochnaigh agóid na pluide le stailc ocrais a tharraing aird an tsaoil mhóir agus fuair dechniúr bás.

Agus Eoghan Mac Cormaic as Doire faoi ghlas sna Blocanna H, chaith sé 1,960 lá ar an agóid seo: 1,580 lá ‘ar an phluid’ agus stailc níocháin, agus 380 lá ar stailc oibre i ndiaidh na stailceanna ocrais. Cuireann sé síos anseo ar an saol sna Blocanna, idir gháire agus ghruaim. Is scéal corrach é, scéal daonna, agus scéal tábhachtach.

Bronnadh an chéad duais le haghaidh ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

More Information
ISBN/EAN 6660012220083
Author Eoghan Mac Cormaic
Publisher Coiscéim
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Pluid

Pluid

Eoghan Mac Cormaic
€10.00

Stories from the H Blocks, 1976 to 1981. This book won first prize for Adult Learners at Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery