We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Bhí Peig thar a bheith sásta labhairt lena cuairteoirí a raibh Gaeilge Chiarraí ar a dtoil acu agus seanaithne aici orthu.
Foilsítear den chéad uair in Níl Deireadh Ráite na hagallaimh sin mar aon le réamhrá tathagach, tráchtaireacht agus aistriúchán Béarla ar an iomlán. Cuireann Peig i láthair anseo seanscéalta idirnáisiúnta, scéal Fiannaíochta, finscéalta taistealacha, seanchas stairiúil agus sísheanchas, roinnt paidreacha, agus tá cúpla léaráid óna mac, Mícheál Ó Gaoithín, mar anlann leo. Léiríonn na taifeadtaí a bua mar scéalaí oilte, a hacmhainn grinn, a móreolas ar scéalta traidisiúnta agus a cumas máistriúil á gcur i láthair trí shúile mná. Buanaíonn an saothar seo ionad Pheig mar dhuine de shárscéalaithe na Gaeilge agus cinntíonn sé go bhfuil a cuid scéalaíochta le háireamh ar scoth na healaíne béil sa tír seo.
Among the first rank of Irish storytellers
ISBN/EAN | 9781848408463 |
---|---|
Author | Edited by:Padraig O Healai, Bo Almqvist |
Publisher | New Island |
Publication date | 17 Jun 2022 |
Format | Paperback |