Olc agus Bréaga
Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga a scaipeadh, leis an dubh a chur ina gheal, le paisin fhuafara a chorraí. Cén t-iontas go raibh an óráidíocht ar na healaíona is mó meas sa domhan clasaiceach agus go ndúirt Cicearó nach raibh rud ar bith chomh dochreidte sin nárbh fhéidir a dhéanamh inghlactha le hóráidíocht?

Ó Mhaois go Roosevelt!
Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid ar fad, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann —  leithéidí Pheiricléas, Napoléon, Abraham Lincoln, an Phiarsaigh, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt — agus óráidí nach bhfuil a gclú chomh mór sin ach a thugann léargas eile dúinn ar an saol agus ar an stair.

A collection of historical speeches.

More Information
ISBN/EAN 9781909907638
Author Aibhistín Ó Duibh
Publisher Leabhar Breac
Publication date 1 Oct 2020
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Óráidí A Chuaigh I Gcion

Óráidí A Chuaigh I Gcion

Aibhistín Ó Duibh
€15.99

Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt.

 

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery