Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Tá sí ag obair ar leagan Gaeilge de na marbhnaí le blianta fada agus an saothar iomlán aistrithe go Gaeilge anois aici.

Ní hamháin go léiríonn an leagan seo acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís mórchumas teangan agus samhlaíochta Mháire Mhac an tSaoi.

More Information
ISBN/EAN 9780898332841
Author Máire Mhac an tSaoi
Publisher Leabhar Breac
Publication date 1 Oct 2013
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Marbhnaí Duino

Marbhnaí Duino

Máire Mhac an tSaoi
€15.99

Tá Marbhnaí Duino le Rainer Maria Rilke ar cheann de na dánta fada is tábhachtaí dar scríobhadh san Eoraip sa chéad seo caite, máistirshaothar diamhair a scríobh an file Gearmánach i dtreo dheireadh a shaoil, a dhíríonn ar cheisteanna móra faoin mbeatha dhaonna a chaitear faoi scáil na síoraíochta. 

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery