We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh, bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.
Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!
Ní hiontas é gur bronnadh an gradam liteartha ‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ air ag Oireachtas 2019.
“Beireann an leabhar seo ar an léitheoir ón tús agus gluaiseann an reacaireacht le luas. Tá an scéal féin an-tráthúil sna ceisteanna a dúisítear… Tá an charachtracht an-mhaith, go háirithe Johnny agus Dekó, agus tá súil ghéar ghrinn an scríbhneora le feiceáil go minic sna mionsonraí. Tá an chríoch breá diamhair freisin, agus bheinn ag súil le ‘Máchail 11’.”
ISBN/EAN | 9780957365933 |
---|---|
Author | RE O LAIGHLEIS |
Publisher | MÓINÍN |
Publication date | 1 Jan 2019 |
Format | Hardback / Crua |