We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Is iníon í Nora de hÓir le Nóra Ni Dhálaigh, deirfiúr an Cheannfoirt Éamonn Ó Dálaigh, Ceannaire in Éirí Amach n Cásca 1916, agus duine den seisear déag a chuir na Sasanaigh chun báis i ndiaidh na troda. Rugadh agus tógadh í i gCathair Luimnigh. D'fhreastail sí ar Mheánscoil Chnoc na Labhras agus ar Choláiste na Rinne. Bhain sí céim amach i gColáiste na hOllscoile, Gaollimh agus bhí sí ina múinteoir meánscoile go dtí gur éirigh sí as an obair i 1988.
Bhain Nóra taitneamh agus sásamh as an mhúinteorireacht, d'ullmhaigh sí téacsanna don teagasc trí Ghaeilge agus bhí sí seal ina Rúnaí agus ina Cathaoirleach ar Chraobh na gaillimhe de Chonradh na Gaeilge. Tá sí ina cónaí i nGaillimh ó 1949. Tá altanna scríofa aici d'Irisleabhar Seandálaíochta Tuadh-Mhumhan ar sheirbhís na nDálach do chúis na hÉireann.
ISBN/EAN | 9780951856741 |
---|---|
Author | De hÓir, Nóra |
Publisher | Clo Saoirse/Irish Freedom Press |
Publication date | 20 Jan 2001 |
Format | Staple-bound Pamphlet |