FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é HORRID HENRY : DÓNALL DÁNA An Club Rúnda an dara leabhar sa tsraith, is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre gearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Sa leabhar seo, tá Club Rúnda socraithe suas ag na cailíní agus tá siad ag iarraidh a bheith cinnte nach mbeidh cead isteach ag Dónall Dána mar go mbeidh sé ag réabadh agus ag sciobadh na mbrioscaí ar fad. Nuair a chuireann na cailíní bac iomláin ar bhuachaillí isteach sa gclub rúnda, éiríonn sé ina chogadh eatartha agus tá plean ag Dónall Dána lena dhíoltas a bhaint amach orthu!

More Information
ISBN/EAN 9781784441463
Author FRANCESCA SIMON
Publisher Cló Iar-Chonnacht
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Dónall Dána – An Club Rúnda

Dónall Dána – An Club Rúnda

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery
OTHER PRODUCTS YOU MIGHT LIKE!