We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Tá creidiúint mhór ag dul do Thuismitheoirí na Gaeltachta a smaoinigh ar an bplean an cnuasach seo d’agallaimh bheirte agus de lúibíní do dhaoine óga a chur ar fáil.
Tá cnuasach breá téagartha anseo. Tá leideanna anseo freisin don té a mbeadh fonn air nó uirthi tabhairt faoin gcumadóireacht.
Tá saibhreas teanga clisteacht chainte anseo. Tá sáraíocht, spraoi agus spleodar ann. Pléitear gach ábhar faoin spéire anseo: tá an seansaol agus an nuatheicneolaíocht ann; tá cúrsaí spóirt agus cailleadh meáchain ann.
Tá gach cineál duine anseo. Tá carachtair bhríomhara, bharrúla ann: an déagóir pusach; an tuismitheoir cantalach; an dailtín dána; an múinteoir scoile; agus go leor, leor eile! Is cinnte go mbainfidh idir shean agus óg an-tairbhe agus an-taitneamh as an leabhar seo.
ISBN/EAN | 9781784442316 |
---|---|
Author | Fearghas Mac Lochlainn (eag.), Ilúdar |
Publisher | Cló Iar-Chonnacht |
Publication date | 5 Nov 2021 |
Format | Paperback / Bog |