Books

Items 21-30 of 64

Set Ascending Direction
  1. Jimín Mháire Thaidhg (canúnach neamhghiorraithe / original complete version, Munster dialect)
    ‘An Seabhac’ (Pádraig Ó Siochfhradha) a scríobh Curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil Maisithe ag Andrew Whitson
    €15.00

    Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg. Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir dhaoine fásta agus don bhás amach as.

  2. Óráidí A Chuaigh I Gcion
    Aibhistín Ó Duibh
    €15.99

    Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt.

     

  3. Tinte na Farraige Duibhe
    Tim Armstrong
    €15.00

    “Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.”

     

per page