Úrscéalta agus ficsean / Novels & Fiction

Items 11-20 of 66

Set Ascending Direction
  1. Ré Na Bhfathach
    Ré Na Bhfathach
    €15.99

    Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua.

  2. Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna
    Diarmuid Johnson
    €16.99

    Athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh an tír faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh.

  3. Jimín Mháire Thaidhg (canúnach neamhghiorraithe / original complete version, Munster dialect)
    ‘An Seabhac’ (Pádraig Ó Siochfhradha) a scríobh Curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil Maisithe ag Andrew Whitson
    €15.00

    Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg. Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir dhaoine fásta agus don bhás amach as.

per page