We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Leabhair phictiúr / Picture Books
-
Blitzen: Laoch na Nollag€9.99
Gach Nollaig tugann Daidí na Nollag bronntanais do pháisti timpeall an domhain mhóir. Ba mhaith le Mamaí na Nollag bronntanas speisialta – fíoruisce glé glan ó Loch Ceara in Iarthar na hÉireann. An gcuimhneoidh Daidí na Nollag air?
-
Dónall Dána:Dráma na Nollag (Horrid Henry)€8.00
Tá Dónall Dána ag súil go mór le páirt a ghlacadh i ndráma na Nollag, go dtí go dtugann Máistreás Máilléad Líne bheag sheafóideach amháin le rá dó sa dráma. Ach buaileann smaoineamh é, caithfidh sé féin píosa eile a chur leis an Líne sin.
-
Dónall Dána: agus Fear Sneachta an Uafáis (Horrid Henry)€8.00
Tá Dónall Dána ar bís nuair a chloiseann sé faoin gcomórtas Reo Reoite don fhear sneachta is fearr…caithfidh sé é a bhuachan… soláthair bliana d’uachtar reoite saor in aisce an duais.
-
An Chailleach agus a Cuid Gruaige€6.99
Bhí leanaí uile na comharsanachta scanraithe roimh Chailleach na Gruaige Fada. Bhí na scéalta go léir cloiste acu faoin bpoll mór domhain a bhí gar do chaisleán an Caillí. Ansin nuair a d’imigh Tadhg gan tásc gan tuairisc bhí gach duine cinnte go raibh buachaill eile sciobtha aici. Ach shocraigh a chara Éamonn nach mar sin a bheidh.
-
Ag Buzzáil sa Ghairdín€8.00
Bíonn Billí Beach ag obair go dian sa ghairdín, ó mhaidin go hoíche. Is mise Billí Beach, Billí Beach, Bill. Is maith liom neachtar, Is maith liom mil.
-
Cloch na Gréine€9.00
Is baile aisteach de chineál é Baile an Chnoic, agus cosúil le haon bhaile aisteach tá rúin i bhfolach aige. Sa bhaile tá cloch le marcálacha aisteach, agus is cosúil nach dtugann aon duine faoi deara iad riamh, go dtí go dtarlaíonn rud éigin a chuireann iallach ar dhaoine múscail agus aird a thabhairt.
-
An Triur Triallach : An Congo€9.99
Graphic adventure novel for children. The adventurous trio don’t believe the legends they’ve heard about the Beast of N’gomo Valley. They set out to find out whether it’s fact or fiction and find adventure and excitement along the way.
-
Binji - Madra ar Strae€9.99
Tá Binjí, an madra beag, imithe amú sa chathair mhór. Nuair a chasann sé ar chat cliste darbh ainm di Cloigín, deir sise gur féidir léi cabhrú leis. Ach an féidir?
-
Coco an Colgan Cairdiuil (BOG)€9.50
Is colgán cairdiúil í Cócó. Thaitin léi a bheith ag spraoi lena cairde gach lá ar scoil. Ach nuair a bhogann sí go dtí an taobh eile den Charraig, bíonn ar Chócó freastal ar scoil nua. Ní thaitníonn a srón mhór fhada ghéar le héisc na scoile seo. Ní theastaíonn uathu spraoi léi.
-
Daidí na Nollag€13.99
Oíche Nollag atá agus tá Daidí Nollag réidh le dul timpeall an domhain sa charr sleamhnáin. Caithfidh sé an liosta a sheiceáil uair amháin eile. Tá sceitimíní ar na síofraí. Tá sceitimíní ormsa. Is aoibhinn liom an Nollaig. Céard fútsa?