Selected Poems/ Rogha Dánta Seán Ó Ríordáin

Tháinig go leor d’fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin óna strachailt leis an uaigneas agus an aonrú a bhain leis an saol in Éirinn i lár an chéid seo caite tráth a raibh cumhacht mhór ag an Eaglais Chaitliceach. I gCo. Chorcaí a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol. Corcaíoch chomh maith é an file Greg Delanty a d’aistrigh go Béarla na dánta in Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim.

 

Is iomaí file a d’aistrigh dánta le Ó Ríordáin cheana, ach go dtí seo níor aistrigh aon scríbhneoir amháin cnuasach mór dá chuid. Tugann an cnuasach áirithe seo guth sainiúil amháin do shaothar Uí Ríordáin agus cuireann sé réimse, spraíúlacht, is brí na filíochta i láthair agus freisin ‘an ceol a cloiseann tú fós sa Mhumhain / fiú in áiteanna ’nar tréigeadh an chanúint’.

 

Is minic a deirtear go ndearna Seán Ó Ríordáin athbheochan ar fhilíocht i nGaeilge agus é ag scríobh ó mheon Nua-Aoiseach ina ndearnadh plé ar théamaí mar an gcoimhthiú, an coimhthíos agus géarchéim na feiniúlachta. Ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann féachaint amach thar theorainn an Nua-Aoiseachais chuig an ngaol atá ann idir nithe éagsúla an tsaoil.

Seán Ó Ríordáin (1916-77) was the most important and most influential Irish-language poet of modern times. He revitalised poetry in Irish, combining the world of Irish literature with that of modern English and European literature, thus adding to the Irish tradition from the other side.

More Information
ISBN/EAN 978780375366
Author Seán Ó Ríordáin
Publisher Cló Iar-Chonnacht
Publication date 1 Mar 2021
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim

Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim

Seán Ó Ríordáin
€15.00

Poems in Irish and English.

 

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery