Books

Items 1-10 of 35

Set Ascending Direction
  1. Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
    Gabriel Rosenstock
    €16.99

    Tá idir sheandánta agus véarsaí úrnua sa bhailiúchán álainn seo d’fhilíocht Gabriel Rosenstock do pháistí. Cuireann ealaín aoibhinn Tarsila Krüse agus Úna Woods go mór leis an gcur i láthair agus, ar an taifeadadh fuaime, cloistear an craoltóir cáiliúil Sinéad Ní Uallacháin agus páistí Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, ag aithris na ndánta le tionlacan ceoil nuachumtha ó John Ryan.

  2. Cath Fionntrá
    Pádraig Ó Siochfhradha
    €17.99

    Nuair a bhíonn an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, cloiseann sé go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus gur éalaíodar go hÉirinn leis – agus tapaíonn sé an deis chun cabhlach ollmhór a bhailiú le chéile chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn.

Page
per page