We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Deirdre€18.00
Tá Deirdre agus Clann Uisnigh ar cheann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha eile in Éirinn agus in Albain ó shin.
-
Míofaí cois farraige€6.99
Téann Míofaí go dtí an trá. Tógann sí caisleán gainimh, bailíonn sí sliogáin agus téann sí ag snámh san fharraige.
-
Míofaí:Miofai ag Caoineadh€6.99
Tá béar Míofaí ar iarraidh. Cá bhfuil Teidí? Bíonn sé léi i gcónaí ag am codlata. An bhfuil a fhios ag a cairde cá ndeachaigh sé? Cuirfidh Míofaí bocht ceist orthu.
-
Míofaí ar scoil€6.99
Caithfidh gach coinín dul ar scoil, Míofaí san áireamh. Foghlaimíonn sí líníocht, scríbhneoireacht agus amhránaíocht. Is aoibhinn léi é nuair a léann an múinteoir scéal dóibh.
-
Míofaí sa Zú€6.99
Tugann a daidí Míofaí go dtí an zú. Téann siad ann ar an traein. Feiceann siad pearóidí, moncaithe agus séabra. Suíonn Míofaí ar muin olltoirtíse!
-
Míofaí san ospidéal€6.99
Téann Míofaí chuig an ospidéal mar tá scornach tinn uirthi. Ar dtús le Míofaí bíonn faitíos uirthi, ach tugann altra cairdiúil aire di. Nuair a dhúisíonn Míofaí, tá a scornach níos fearr agus tá bábóg altra fíor tugtha ag a hathair agus a máthair.
-
Ceallach: Cín Lae Fíréin AD590-620€16.00
Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.
-
Gealach agus Grian€10.99
Ar chuir tú ceist ort féin riamh cén fáth a bhfuil an Ghealach agus an Ghrian ina gcónaí ansin thuas go hard sa spéir? Bhuel, gheobhaidh tú freagra na ceiste sin sa scéal gleoite, greannmhar seo le Muireann Ní Chíobháin, agus seans nach bhfuil an freagra céanna chomh heolaíoch is a cheapfá.
-
Solas Geimhridh€14.99
Seo chugainn an chéad chnuasach ón bhfile Laoighseach Ní Choistealbha, a bhfuil dánta léi curtha i gcló cheana in Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS, The Waxed Lemon, ROPES, An Capall Dorcha agus foilseacháin nach iad.
-
An Drúchtín agus an Seilide€16.99
Fréamhaithe i dtraidisiún scéalaíochta an Lucht Siúil, isfáthscéal séimh é seo faoi éagsúlacht, féinghlacadh agusléargais éagsúla ar an domhan. Taistealaíonn dhá dhrúchtín, deartháireacha, le chéile godtí go bhfiafraíonn seanchearc phréacháin díobh cá bhfuila mbaile.