We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Na hIncigh (Fuinneoga na staire)€3.99
Tapaigh do dheis chun eolas a chur ar an saol in Impireacht na nInceach agus iompaigh 4 leathanach thrédhearcacha chun na hiontais seo a leanas a scrúdú go mion: *Pálás de chuid na nInceach, *Tithe na ndaoine, *Teampaill tiomnaithe do Dhia na Gréine, *Tampu - ionad sosa de chuid na nInceach.
-
Marcella Ar Saoire Ghrá€3.00
Tá rudaí saghas ciúin ar neamh. Ba mhaith le Marcella, aingeal, roinnt eachtraíochta a bhlaiseadh. Le cabhair óna cara, Íosa, téann sí ar saoire chun na Spáinne; saoire nach bhfágann aon ghanntanas eachtraí uirthi. Seo an chéad leabhar do dhaoine óga leis an ealaíontóir aitheanta seo.
-
Róisín ar Strae€4.50
Is iomaí sórt duine a chastar ar Róisín agus í ar thóir a máthar ar na sráideanna thart ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
-
An Chathair is a Tuairisc€4.99
Aistriúchán Gabriel Rosenstock ar Zoom City. Leabhar iontach é seo atá dírithe ar pháistí atá tosaithe ag léamh iad féin. Míníonn an leabhar faoina mbíonn ar siúl i gcathair mhór, faoina cuid foirgneamh éagsúla agus faoin saol fothalamh. Tá léaráidí Jonathan Adams iontach tarraingteacha.
-
Atlantis An Chathair a Bádh€4.99
Is iomaí suíomh a luaitear le hAtlantis. Siar ar fad i lár an Atlantaigh a bhí sé, más fíor do sheanscéalta na Gréige. Tar éis an tsaoil nár ainmníodh as Atlas, mac Chléató, é. Is dóigh le daoine áirithe gur chóngaraí do Mheiriceá é.
-
Na Trí Mhuicín (Three Little Pigs)€4.99
Séanscéalta clasaiceacha ó pheann Threasa Ní Ailpín | Classic tales retold by Treasa Ní Ailpín
-
Iontais an tSeansaoil (Fuinneoga na staire)€3.99
Féach ar na láithreacha is mó le rá de chuid an tseansaoil agus iompaigh 4 leathanach thrédhearcacha chun na hiontais seo a leanas a scrúdú go mion: *Pirimidí Iontacha na hÉigipte, *Pálás de chuid na Mionóch, *Tuamaí Aille agus Teampaill Petra, *Ard-Eaglais Hagia Sophia.
-
Mamaigh (Fuinneoga na staire)€4.99
Scrúgaigh colainn an mhamaigh agus an chaoi a n-oibríonn sí. Breathnaigh ar 4 radharc thrédhearcacha chun mionneolas a fháil ar: *Creatlacha agus Gluaiseacht, *Naisc agus Ailt, *Dathanna agus an Duaithníocht, *Inchinn an Duine.
-
An tSean-Róimh (Fuinneoga na staire)€3.99
Cuir eolas ar an saol in Impireacht na Róimhe agus tarraing siar ceithre leathanach thrédhearcacha agus breathnaigh isteach go bhfeicfidh tú: *Teach Baile Mhóir in Pompeii, *Teach Folctha Poiblí, *Amharclann Thaibhseach, *Fo-dhún Míleata.
-
An tSean-Sín (Fuinneoga na staire)€3.99
Tapaigh do dheis chun eolas a chur ar shaol na Sean-Síne agus iompaigh 4 leathanach thrédhearcacha chun na hiontais seo a leanas a scrúdú go mion: *Tuama rí de chuid Ríshliocht Shang, *Teach duine de na huaisle, *Báid ahus loic ar chanáil, *An Chathair Thoirmiscthe.