We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Fág Fúinne é! (Bog Beag)€4.99
Cairde is ea Colm agus Jaic. Froganna is ea iad. Téann siad gach áit le chéile. Maidin amháin chuaigh siad go Loch Gréine chun a gcara Finín a fheiceáil. Iasc is ea Finín.
-
Micilín i bhFolach€3.00
Is é Micilín Beag an banbh is lú ar Fheirm Thóín le Gaoth. Nuair a rugadh Micilín b’éigean d’Aongus aire a thabhairt dó agus d’éirigh sé an-cheanúil air. Ach tráthnóna amháin éalaíonn na bainbh eile. Téann Aongus ar a dtóír agus aimsíonn sé gach ceann acu ach amháin Micilín. Cuardaíonn sé an t-úllord, cró na gcearc, ach níl Micilín le fáil. Cá bhfuil sé in aon chor?
-
An tSean-Róimh (Fuinneoga na staire)€3.99
Cuir eolas ar an saol in Impireacht na Róimhe agus tarraing siar ceithre leathanach thrédhearcacha agus breathnaigh isteach go bhfeicfidh tú: *Teach Baile Mhóir in Pompeii, *Teach Folctha Poiblí, *Amharclann Thaibhseach, *Fo-dhún Míleata.
-
An tSean-Sín (Fuinneoga na staire)€3.99
Tapaigh do dheis chun eolas a chur ar shaol na Sean-Síne agus iompaigh 4 leathanach thrédhearcacha chun na hiontais seo a leanas a scrúdú go mion: *Tuama rí de chuid Ríshliocht Shang, *Teach duine de na huaisle, *Báid ahus loic ar chanáil, *An Chathair Thoirmiscthe.
-
An tSean-Éigipt (Fuinneoga na staire)€3.99
Tapaigh do dheis chun eolas a chur ar shaol na Sean-Éigipte agus iompaigh 4 leathanach thrédhearcacha chun na hiontais seo a leanas a scrúdú go mion: *Teach i mBaile Mór, *Pálás Acnatain, *Tuama Sheinnidim, *Teampall Chons.
-
Oiche Na Stoirme€4.99
Bbí an ghoath aduaidh ag séideadh ar feadh an tráthnóna. Bhí Cóilín agus Teidí amuigh ag obair. Ach is ag dul in alcas a bhí an ghaoth. Bhí sí ag feadaíl timpeall an tí.
-
Bád Shíle€4.99
Cailín cúthail í Síle ach cailín misniúil freisin agus beidh bá ag deagóirí óga léi. Tá an t-ádh uirthi, ar ndóigh, go bhfuil seanathair tuisceanach aici. Agus an dearg-ádh uirthi go bhfuil seanslúpa i bhfolach aige sa tseid ar chúl an tí.
-
Naomh Pádraig agus Crom Dubh€4.99
According to legend, Saint Patrick and Crom Dubh were living near each other on the west coast of Ireland. Crom Dubh is a mythological figure and folkloric figure in Irish stories who was converted to Christianity by Saint Patrick.
-
Táimse ag Fás€3.66
Sa Seomra Ranga: Déan na daltaí a thomhas go rialta i gceintiméadair nó in oraí. Sa Bhaile: Déan taifead buan don chlann trí airde na bpáistí a nótáil san imeall go rialta.
-
Ar thóir na cailíse€3.99
Bhí an tArd-Mhúsaem an-chiúin. Ní raibh ach seacht lá le dul go dtí go n-osclódh Uachtarán na hÉireann an sciathán nua go hoifigiúil. Bheadh an músaem dúnta don phobal go dtí an lá mór.