We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Buataisí (Mor)€17.50
Léigh leat an leabhar seo, ar mhaithe le spórt Faoi bhuataisí deasa de gach uile shórt!
-
Teidí agus an Foghlaí Mara€6.99
Hóigh! Is foghlaí mara é Teidí. Hóigh! Is foghlaí mara é Tomás, chomh maith. Hóigh, hóigh! Tá an Captaen Tríona ar an long. Tá paiste ar a a súil. Beidh spórt is spraoi ag na teidithe ar bord loinge. Hóigh, hóigh hóigh!
-
Teach Teidí€16.99
Scéal lán spraíúil ina dtugann Teidí agus a chlann cuireadh isteach ina dteach sinn agus sinn a thabhairt go tír na gcreidiúint. Bígí ag gabháil do na teidí ar a gcuid eachtraí le léaráidí áille le Ciara Ní Dhuinn, amhráin agus rainn do pháistí le Sadhbh Rosenstock.
-
Deirdre€18.00
Tá Deirdre agus Clann Uisnigh ar cheann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha eile in Éirinn agus in Albain ó shin.
-
Flaitheas€16.00
Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht.
-
Míofaí cois farraige€6.99
Téann Míofaí go dtí an trá. Tógann sí caisleán gainimh, bailíonn sí sliogáin agus téann sí ag snámh san fharraige.
-
Míofaí:Miofai ag Caoineadh€6.99
Tá béar Míofaí ar iarraidh. Cá bhfuil Teidí? Bíonn sé léi i gcónaí ag am codlata. An bhfuil a fhios ag a cairde cá ndeachaigh sé? Cuirfidh Míofaí bocht ceist orthu.
-
Míofaí ar scoil€6.99
Caithfidh gach coinín dul ar scoil, Míofaí san áireamh. Foghlaimíonn sí líníocht, scríbhneoireacht agus amhránaíocht. Is aoibhinn léi é nuair a léann an múinteoir scéal dóibh.
-
Míofaí sa Zú€6.99
Tugann a daidí Míofaí go dtí an zú. Téann siad ann ar an traein. Feiceann siad pearóidí, moncaithe agus séabra. Suíonn Míofaí ar muin olltoirtíse!
-
Míofaí san ospidéal€6.99
Téann Míofaí chuig an ospidéal mar tá scornach tinn uirthi. Ar dtús le Míofaí bíonn faitíos uirthi, ach tugann altra cairdiúil aire di. Nuair a dhúisíonn Míofaí, tá a scornach níos fearr agus tá bábóg altra fíor tugtha ag a hathair agus a máthair.