We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Roinnt Scéalta Ó Na Hasadaeigh€8.00
Scéalta bailithe agus athinste ag Martin Buber (1878 – 1963). Ba ghiúdach é agus cuir amach aige ar thraidisiún na Hasadaech ó aois óg.
-
-
Bí Fiáin, a chroí€9.99
Grá do shaol álainn an dúlra agus grá do nadúr misniúil an pháiste - tá siad araon le fáil sa leabhar aoibhinn seo. Déan damhsa leis an eilifint, bí ag rith leis an mac tíre, bí ag luascadh leis an moncaí. I bhfocail eile, BÍ FIÁIN!
-
Deargadh Anoir€9.99
Tá sé ina chogadh dearg sa Spáinn. Ag súil le tearmann a bhaint amach teitheann teaghlach siar i dtreo na teorann. Beidh turas fada crua roimh an leaid óg Alejo trína thír féin agus tíortha eile i bhfad i gcéin. An mbeidh deireadh leis an gcogaíocht go deo?
-
Muireann agus an Teach Solais€8.99
Nuair a mhúsclaíonn Muireann san oíche, tá rud éigin mícheart, iomlán mícheart. Níl an teach solais taobh amuigh dá fuinneog ag splancarnach níos mó! Tá Daidí amuigh ag iascaireacht san oíche ina bháidín dearg.
-
Muireann agus an Dianghlasáil€8.99
D’oibrithe sláinte agus cúraim gach áit. Cluineann Muireann an nuacht faoi thinneas tubaisteach nua. Chun cosc a chur air, níl cead ag duine ar bith teacht chuig an oileán ná imeacht. Ach tá daidí deas Mhuirinne thall ar tír mór ag díol éisc. Cad é mar a dhéanfaidh sí gan é?
-
Teidí agus an Foghlaí Mara€6.99
Hóigh! Is foghlaí mara é Teidí. Hóigh! Is foghlaí mara é Tomás, chomh maith. Hóigh, hóigh! Tá an Captaen Tríona ar an long. Tá paiste ar a a súil. Beidh spórt is spraoi ag na teidithe ar bord loinge. Hóigh, hóigh hóigh!
-
Míofaí cois farraige€6.99
Téann Míofaí go dtí an trá. Tógann sí caisleán gainimh, bailíonn sí sliogáin agus téann sí ag snámh san fharraige.
-
Míofaí:Miofai ag Caoineadh€6.99
Tá béar Míofaí ar iarraidh. Cá bhfuil Teidí? Bíonn sé léi i gcónaí ag am codlata. An bhfuil a fhios ag a cairde cá ndeachaigh sé? Cuirfidh Míofaí bocht ceist orthu.
-
Míofaí ar scoil€6.99
Caithfidh gach coinín dul ar scoil, Míofaí san áireamh. Foghlaimíonn sí líníocht, scríbhneoireacht agus amhránaíocht. Is aoibhinn léi é nuair a léann an múinteoir scéal dóibh.