We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Bí Fiáin, a chroí€9.99
Grá do shaol álainn an dúlra agus grá do nadúr misniúil an pháiste - tá siad araon le fáil sa leabhar aoibhinn seo. Déan damhsa leis an eilifint, bí ag rith leis an mac tíre, bí ag luascadh leis an moncaí. I bhfocail eile, BÍ FIÁIN!
-
Ortha an Tuama: De Bheoibh No De Mhairbh€9.99
Ní fada ó cailleadh máthair Líse, ach ní chuirfidh sé sin aon stop leis an gceiliúradh a bhí beartaithe aici dá fichiú breithlá. Cumann Pól manglam marfach anach as na biotáillí aduaine i bhfánchúinní na cistine, agus cuireann Neidí a phutóga amach dá thoradh - a chuid urlacain síos le fána agus isteach sa reilig in aice láimhe.
-
Rita agus an tEachtrán€9.99
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Ba bhreá léi eitilt i spáslong go dtí pláinéid eile agus eachtrán a bheith aici mar chara. Tuigeann Rita nach mbíonn sé éasca teanga agus nósanna nua a fhoghlaim. Tiontóidh an t-eachtrán saol Rita — agus an leabhar seo — bunoscionn!
-
Rita agus an Dineasár€9.99
Is Cailín beag í Rita le smaointe Móra. Níor mhaith léi gnáthphrata cosúil lr coinín,cat nó iasc órga. Ba mhaith le Rita, Dineasár!! Ach cad é mar a thugtar cúram dá leithéid?
-
Deargadh Anoir€9.99
Tá sé ina chogadh dearg sa Spáinn. Ag súil le tearmann a bhaint amach teitheann teaghlach siar i dtreo na teorann. Beidh turas fada crua roimh an leaid óg Alejo trína thír féin agus tíortha eile i bhfad i gcéin. An mbeidh deireadh leis an gcogaíocht go deo?