We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Aoisghrúpa 8+
-
Marcella Ar Saoire Ghrá€3.00
Tá rudaí saghas ciúin ar neamh. Ba mhaith le Marcella, aingeal, roinnt eachtraíochta a bhlaiseadh. Le cabhair óna cara, Íosa, téann sí ar saoire chun na Spáinne; saoire nach bhfágann aon ghanntanas eachtraí uirthi. Seo an chéad leabhar do dhaoine óga leis an ealaíontóir aitheanta seo.
-
An tUisce Sú na Beatha€3.99
Is é atá sa leabhar seo cur síos ar an ngnáthshaol laethúil ag seisear leanaí ó thíortha éagsúla agus ar thábhacht an uisce ina saol. Tugtar léargas an-mhaith ann ar luach an uisce agus ar na bealaí éagsúla a bhíonn ag na leanaí chun teacht air, é a stóráil agus é a úsáid.
-
Micilín i bhFolach€3.00
Is é Micilín Beag an banbh is lú ar Fheirm Thóín le Gaoth. Nuair a rugadh Micilín b’éigean d’Aongus aire a thabhairt dó agus d’éirigh sé an-cheanúil air. Ach tráthnóna amháin éalaíonn na bainbh eile. Téann Aongus ar a dtóír agus aimsíonn sé gach ceann acu ach amháin Micilín. Cuardaíonn sé an t-úllord, cró na gcearc, ach níl Micilín le fáil. Cá bhfuil sé in aon chor?
-
Ar thóir na cailíse€3.99
Bhí an tArd-Mhúsaem an-chiúin. Ní raibh ach seacht lá le dul go dtí go n-osclódh Uachtarán na hÉireann an sciathán nua go hoifigiúil. Bheadh an músaem dúnta don phobal go dtí an lá mór.
-
Mna as an Ngnath€3.99
Déantar cur síos sa leabhar seo ar scata ban a bhain clú amach dóibh féin agus a d’fhág a rian ar an stair. Beirt Éireannach atá ina measc, Bidí Early agus an Chuntaois Markievicz.