FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'.

Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid! "Tá na scéalta breá spraíúil, eachtrúil agus is féidir le léitheoirí óga ionannú leis na sióga óga.

Cé gur léigh mé na leabhair le m'iníon, bhí sí breá ábalta dul i ngleic leo í féin. Mar is dual do Leabhar Bhreac, tá na leabhair féin snasta, idir chló, léaráidí agus dearadh. Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10." — Aonghus Ó hAalmhain, Gobblefunked

More Information
ISBN/EAN 9781909907966
Author Aoife Ní Dhufaigh
Publisher Leabhar Breac
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Éalú as an Lios

Éalú as an Lios

Aoife Ní Dhufaigh
€7.99

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery
OTHER PRODUCTS YOU MIGHT LIKE!