FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Mar reacaire tá Smuf bocht iomlán aineolach faoina dhiabhlaíocht féin, rud a thugann sásamh thar cuimse don léitheoir ‘sofaisticiúil’. Bhraitheas ar an dara léamh gur cineál fabhalscéil atá i gceist sa leabhar agus go n-aimsímid cuid dár mianta agus dár n-éiginnteacht féin i Smuf. Mar sin is scéal é a oibríonn ar an-chuid leibhéal.
Tréaslaím leis an údar Alan Titley as seoid na samhlaíochta a phreabann ó chuile leathanach. Cuid lárnach den leabhar é an éacht atá déanta ag an maisitheoir Peter Donnelly. Tagann na léaráidí go díreach le hatmaisféar an leabhair. Tá dánaíocht den scoth fite fuaite tríd an leabhar. Baintear sult agus greann as eachtraí Smuif agus é caite amach ó bhaile.

Is laoch é Smuf a rug greim ar mo chroí agus creidim go líonfaidh sé croíthe páistí le grá agus le haoibhneas. Thar aon ní eile áfach, chuaigh teanga an leabhair seo go mór i bhfeidhm orm. Tá imeartas de gach saghas ar siúl maidir le fuaimfhoclaíocht . Leabhar den chéad scoth é seo. Ceannaígí é!

How would you feel if your family abandoned you at the side of the road and drove away never to be seen again? This is the fate of our hero Smuf. What dangers lie out there in the big bad world for Smuf? What adventures?

More Information
ISBN/EAN 9781857918236
Author Alan Titley
Publisher An Gum
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Smuf

Smuf

Is leabhar spleodrach é Smuf a thug uchtach dom agus mé á léamh gur féidir litríocht den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge aoibhinn bhlasta do pháistí óga. Scéal é seo faoi mhadra darb ainm Smuf a bhíonn ag cothú trioblóide i ngan fhios dó féin.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery