We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
16 dán atá ar fáil, gach uile cheann sáite le híomhánna iontacha réalaíocha. Sa dán ‘Báisteach’ cuireann sí an bháisteach atá ag titim ar dhíon an tí i gcomparáid le “Feairín beag le casúirín ag bualadh aon, dó, trí.” Tá talún faoi leith ag Uí Luachra agus tá bua na samhlaíochta aici. Feictear sampla iontach de seo i ‘Brionglóidí’ agus is é seo an dán is fearr liom sa chnuasach.
Léirítear páiste agus é/í, ag dul a choldladh ina “leaba theolaí”. Insítear dúinn go mbíonn turais speisialta agus eachtraí draíochta ag an bpáiste agus é/í ina c(h)odladh so sámh. Dán álainn atá ann agus measaim go bhféadfadh páistí óga ceangal pearsanta a dhéanamh leis an gceann seo ach go háirithe. Is léaráidí mhac an scríbhneora, Niall Ó Luachra, a théann leis na dánta sa chnuasach seo agus cuireann na pictiúir seo go mór leis an saothar.
Íomhánna gleoite geal atá ann a mheallfadh agus a spreagfadh na leanaí óga. Cnuasach fíor-álainn, fíorthaitneamhach atá sa leabhar filíochta seo. Cruthaíonn an file iontas sna gnáth-rudaí agus cuirfear miongháire ar d’aghaidh agus tú i mbun léitheoireachta.
ISBN/EAN | 9781857918090 |
---|---|
Author | Siobhan Ui Luachra |
Publisher | An Gum |
Publication date | 20 Dec 2009 |
Format | Paperback / Bog |