FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Is é seo an tríú cnuasach gearrscéalta le Mac Giolla Bhríde. Roimh seo fuair an cnuasach an duais próis ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais in 2018.

Tá 17 scéal in iomláine sa leabhar. Scéalta a théann i ngleic le réimse leathan ábhair a bhaineann le saol an lae inniu. “Ní minic a tharlaíonn sé ach is iontach éachtach go dtarlaíonn sé go fóill, agus ar chor ar bith, cnuasach gearrscéalta a bhaineann an anáil díot as feabhas na scéalaíochta agus as úire an mhachnaimh” a scríobh Pól Ó Muirí faoi Cnámh san iris Comhar i mí Meitheamh.

“Tá Mac Giolla Bhríde ar a chompord sa chathair nó faoin tuath mar scríbhneoir agus é in ann cur síos éifeachtach mothálach a dhéanamh ar chladach agus ar choincréit. Casann sé gan stró idir saol na tuaithe – ‘Shúigh an fharraige an t-uisce uilig ar ais chuici féin, á breith chuici féin, gur fágadh an trá tirim’ – agus saol na cathrach – ‘Tá an baile mór ag bruidearnaigh mar ghearbóg a mbeadh aicíd uirthi. Síos Rue La Fayette agus mé tré thine. Meisceoirí, drugaithe, sciorracháin, striapacha, mangairí; iad uilig amuigh ag déanamh gnoithe.’ ” Pól Ó Muirí. “Ní go rómhinic a éiríonn le scríbhneoir saothar a cheapadh a théann i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach dodhearmadta, faoi mar a tharlaíonn i sciar de scéalta an chnuasaigh seo.

Tá móimintí léargais áille ann agus tá fuil agus feoil na daonnachta – bíodh an duine leonta, lochtach féin – ann ó thús deireadh.” An Dr Róisín Ní Ghairbhí.

More Information
ISBN/EAN 9781916047037
Author Eoghan Mac Giolla Bhríde
Publisher Eabhloid
Publication date 1 Jan 2020
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Cnámh

Cnámh

Eoghan Mac Giolla Bhríde
€14.99

Tá lúcháir mór orainn go bhfuil duais Leabhar na Bliain, Love Leabhar Gaeilge, buaite ag an leabhar ‘Cnámh’ ag An Post Irish Book Awards 2020. Fógraíodh na duaiseanna ar an 25 Samhain 2020. Adults, Short Stories

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery