We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Aoisghrúpa 4+
-
Míofaí ar scoil€6.99
Caithfidh gach coinín dul ar scoil, Míofaí san áireamh. Foghlaimíonn sí líníocht, scríbhneoireacht agus amhránaíocht. Is aoibhinn léi é nuair a léann an múinteoir scéal dóibh.
-
Míofaí sa Zú€6.99
Tugann a daidí Míofaí go dtí an zú. Téann siad ann ar an traein. Feiceann siad pearóidí, moncaithe agus séabra. Suíonn Míofaí ar muin olltoirtíse!
-
Míofaí san ospidéal€6.99
Téann Míofaí chuig an ospidéal mar tá scornach tinn uirthi. Ar dtús le Míofaí bíonn faitíos uirthi, ach tugann altra cairdiúil aire di. Nuair a dhúisíonn Míofaí, tá a scornach níos fearr agus tá bábóg altra fíor tugtha ag a hathair agus a máthair.
-
Claus Clamhsánaí€10.99
“Dragan is ea Claus. Is maith leis a bholg a líonadh nuair a thagann sé ar cuairt. Is deacair é a dhíbirt ...” Athshamhlú grin le Gabriel Rosenstock den bhun-Bhéarla “Gringer the Whinger”. Rinne Sheena Dempsey na léaráidí agus fuair sí duais ó IDI (Institute of Designers of Ireland) as a cuid oibre. Déanta agus clóite in Éirinn.
-
Teidí agus an Foghlaí Mara€6.99
Hóigh! Is foghlaí mara é Teidí. Hóigh! Is foghlaí mara é Tomás, chomh maith. Hóigh, hóigh! Tá an Captaen Tríona ar an long. Tá paiste ar a a súil. Beidh spórt is spraoi ag na teidithe ar bord loinge. Hóigh, hóigh hóigh!
-
Gealach agus Grian€10.99
Ar chuir tú ceist ort féin riamh cén fáth a bhfuil an Ghealach agus an Ghrian ina gcónaí ansin thuas go hard sa spéir? Bhuel, gheobhaidh tú freagra na ceiste sin sa scéal gleoite, greannmhar seo le Muireann Ní Chíobháin, agus seans nach bhfuil an freagra céanna chomh heolaíoch is a cheapfá.
-
Cá Bhfuil Treasa Tíogar? (Lift-the-flap Board)€8.99
Leabhar spraíúil le flapaí do pháistí réamhscoile! Tá Treasa Tíogar imithe i bhfolach – ach cá háit? Lean na leideanna agus breathnaigh faoi bhun na bhflapaí go dtiocfaidh tú ar Threasa Tíogar. Seans go gcasfar roinnt cairde nua ort ar an mbealach! Meallfaidh léaráidí geala, láidre Jean Claude páistí óga – go háirithe iad siúd atá craiceáilte faoi ainmhithe!
-
Puifin Beag agus an Ubh€11.99
Ta puifin beag cabhrach ina conai ar Sceilg Mhichil. Nuair a thagann si ar ubh ata ar strae, ta an puifin ar a dicheall an ubh a thabhairt abhaile go dtina nead fein.
-
Ag Buzzáil sa Ghairdín€8.00
Bíonn Billí Beach ag obair go dian sa ghairdín, ó mhaidin go hoíche. Is mise Billí Beach, Billí Beach, Bill. Is maith liom neachtar, Is maith liom mil.
-
Cuairt San Nioclás€18.00
Go deireanach, Oíche Nollag, ó cheann ceann an tí. Ní raibh cor as aon duine, ná luchóg’ na suí; Bhí stocaí ar crochadh faoin matal go beacht. Faoi reír do Shan Nioclá, agus súil lena theacht.