FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain.

Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir. "Tar éis a ndeachaigh Lúcás tríd d’achrann, de throid, de mharú, d’fhuil, is d’imní ó cuireadh an litir isteach ina láimh an chéad uair, shílfeá gur duine difriúil é faoin am seo seachas mar a bhí nuair a bhí sé ina dhalta óg tallannach neamhthuairimeach sa Choláiste i nGaillimh. Agus ba ea. Bhí sé beagán níos stuama, nó ag iarraidh a bheith. Bhí sé ag iarraidh a bheith níos faichillí.

Bhí sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an Ard-Easpag ar bhonn cothrom. Ach ba é an Lúcás céanna i gcónaí é, ag breith ar chúrsaí mar a casadh ina threo iad, ag déanamh an chuid is fearr de gach uile uain." Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí. Is é a dúirt na léirmheastóirí faoin gcéad dá leabhar sa tsraith: Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta.

— Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach.

— Micheál Mac Craith, Comhar. “Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.”

— Dónall Ó Braonáin, TUAIRISC.IE

"Cadhain aonair ar inbhear na húrscéalaíochta Gaeilge é Mac Cóil, atá ar na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla agus is cairéisí ó aimsir an Chadhnaigh i leith. Measaim go seasfaidh an tsraith seo ar feadh na nglún i dtraidisiún na húrscéalaíochta Gaeilge." — Lee Vahey, COMHAR

The third book in the Lúcás Ó Briain series (An Litir). The Atlantic port of Galway 1612, Lucás, a young student and a gifted swordsman, is entrusted by a shady Jesuit priest with an important letter to be delivered into the hands of Aodh Mór Ó Néill, Earl of Tyrone (leader of the Irish chieftains in Rome seeking the help of Philip of Spain to retake Ireland from the English). Lúcás’s mission will take him on a perilous journey across Europe. Following hot on his heels, in the narrow streets of the city, is the enemy’s most devious and brutal spy – with orders to stop him, at all costs. The final book of a trilogy of novels that crosses Europe on the company of Lúcás Ó Briain in the early years of the 16th Century, with the enemy snapping at our heels.

More Information
ISBN/EAN 9781909907713
Author Liam Mac Cóil
Publisher Leabhar Breac
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Bealach na Spáinneach

Bealach na Spáinneach

In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery