We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Is fairsing an t-ábhar atá ar fáil i dtraidisiún béil na Gaeltachta. Is iad na hamhráin, b’fhéidir is mó atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan véarsaíochta eile ann nach gcloistear go minic. Rogha den ábhar sin atá curtha i láthair in Aniar: dánta a chuirfidh ag smaoineamh tú, orthaí a leigheasfaidh tú, tairngreachtaí a chuirfidh síos ar an saol atá romhat.
Tugann Tadhg Mac Dhonnagáin cur síos dátheangach ar chúlra gach píosa, chomh maith le leagan Béarla den bhunábhar. Cloistear aisteoirí Conamaracha ag aithrís na bpíosaí ar an dlúthdhiosca, le tionlacan nuachumtha ceoil ón gcumadóir John Ryan.
Déanann íomhánna Ceara Conway léiriú breise físiúil ar an iomlán. Each piece is reinterpreted in words, by Tadhg Mac Dhonnagáin’s translations and bilingual background notes; visually, by Ceara Conway’s inventive photographs and in sound, by the performance of three of Conamara’s finest voices, framed by John Ryan’s original music and adventurous production.
At times a window on our pre-Christian past, at times a prescient description of 21st century woes, Aniar is a truly engaging collection of voices and verse from the edge of the world.
ISBN/EAN | 9781910945421 |
---|---|
Author | Tadhg Mac Dhonnagáin. John Ryan. Ceara Conway |
Publisher | Futa Fata |
Publication date | 1 Feb 2019 |
Format | Paperback / Bog |