An bhliain 2517. An Grianchóras cóilínithe ag an gcine daonna. Éirinn ina cúige den Eorareich. Baile Átha Cliath faoi uisce. An Muileann Cearr mar phríomhchathair na tíre. Féachann an tOllamh Siobhán Chan, príomhscoláire Gaeilge a linne agus an teangeolaí, an Dr. Maolshechlainn Krumpf leis an náisiún a ghin an Tíogar Ceilteach a thuiscint. Cáipéis dhiamhrach a tháinig chun solais na céadta bliain roimhe sin i nDusseldorf na Gearmáine atá mar fhoinse eolais acu.

Cur síos i nGaeilge chraicneach ar mhórphlódú tráchta a leathnaigh ó chósta go cósta i mblianta tosaigh na Mílaoise reatha, atá sa gcáipéis chéanna. Fíonn údar anaithnid An bhfuil Stacey ag Iompar? an greann dorcha trína chur síos beoga siúd ar ghnása grá, gnéis is clainne a bhaineann leis na tiománaithe, é féin san áireamh, atá sáinnithe ag an bplódú tráchta seo.

Spotsholas míthrócaireach is ea An bhfuil Stacey ag iompar? ar shaol iarGhaelach na huaire agus ar chóras leatromach a fhágann Éirinn san riocht ina bhfuil sí.

This novel imagines a post Celtic Tiger Ireland in the year 2517 in which human beings have colonised the solar system, Ireland is a province of the Euroreich, Dublin is under water and Mullingar is the capital city. The Professor Siobhán Chan, the leading Irish-language scholar of her day and the linguist, Dr. Maolshechlainn Krumpf embark on a study to understand the Ireland created by the Celtic Tiger. A mysterious document discovered hundreds of years previously in Dusseldorf in Germany is their main source of information. The document contains the story of a gargantuan and unending traffic jam that started in the early 21st century and stretched across the country. The anonymous narrator in An Bhfuil Stacey ag Iompar? (Is Stacey Pregnant?) weaves dark humour through this lively telling of the lives of the drivers trapped in the traffic jam; how they lived, how they loved and what ultimately became of them.

More Information
ISBN/EAN 6660012110544
Author Tomás Mac Síomóin
Publisher Coiscéim
Publication date 23 Aug 2011
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:An bhFuil Stacey ag Iompar?

An bhFuil Stacey ag Iompar?

Tomás Mac Síomóin
€15.00

This novel imagines a post Celtic Tiger Ireland in the year 2517 in which human beings have colonised the solar system, Ireland is a province of the Euroreich, Dublin is under water and Mullingar is the capital city.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery