Téacsleabhar spreagúil sothuigthe do dhaltaí na Gaeilge Gnáthleibhéil
*Cur chuige comhtháite téamach i gcás ábhar an chúrsa mar a mholann An Roinn Oideachais agus Scileanna agus na cigirí
*Nótaí agus freagraí samplacha don fhilíocht, phrós agus don cheapadóireacht
*Cuidíonn na léaráidí agus na léirithe grafacha le foghlaimeoirí físiúla an fhilíocht agus an prós a thuiscint
*Cuireann ábhar dílis mealltach agus tráthúil le beocht na míreanna Ceapadóireachta agus Léamhthuisceana
*Meallann na modheolaíochtaí gníomhacha foghlama, amhail obair bheirte, obair ghrúpa agus diancheistiú na daltaí agus forbraíonn siad a gcuid scileanna cainte
*Cuidíonn na Naisc idirlín agus na Míreanna Físe le hidirghníomhaíocht TFC agus clos-amhairc leis an teanga a chur chun cinn
*Cúinne litearthachta ina bhfuil béim ar fhorbairt stór focal an dalta
*Deiseanna measúnaithe chun foghlama (AfL) agus féinmheastóireachta
*Caibidil ina ndírítear ar an scrúdú agus ina bhfuil nótaí agus leideanna faoi gach gné den scrúdú gnáthleibhéil
Acmhainní SAOR IN AISCE do Dhaltaí
*Leabhrán don Scrúdú Cainte agus Cluastuiscintí Breise ina bhfuil:
Script thrí bhréagscrúdú cainte lánfhada
Nótaí agus leideanna faoi eochairfhrásaí don scrúdú cainte
Spás do nótaí na ndaltaí agus iad ag ullmhú don scrúdú cainte
Cluastuiscintí breise
*Leabhrán faoin tSraith Pictiúr a phléitear sa scrúdú cainte
*Dhá CD do dhaltaí a bhfuil na trí bhréagscrúdú cainte agus an t-ábhar clustuisceana ó na haonaid orthu
Amhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí
*Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:
Pleananna múinteoirí
Treoirlínte don Scrúdú Cainte agus ceisteanna breise
Léamhthuiscint bhreise
Scripteanna cluastuisceana
*CDanna do Mhúinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana uile agus athsheinm)
*Tá Acmhainní Breise Digiteacha ar fáil ar ár suíomh idirlín acmhainní, www.gillexplore.ie; san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna don Scrúdú Cainte agus teimpléid phleanála do mhúinteoirí ar féidir a chur in eagar
Téann eLEABHAR SAOR IN AISCE leis an téacsleabhar seo! Tá do chód uathúil ar fáil taobh istigh den chlúdach tosaigh.