FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Eleven-year-old Naoise is blissfully unaware that his very first text on his mobile phone fails to reach his friend Virgil in America. Rather, it arrives into an office where it is about to cause confusion, mayhem and an international emergency. Behold, a story that is peppered with fun, misunderstanding and endless twists and intrigue, as the reader is taken on a roller-coaster of adventure.

“Mar mhúinteoir, tá mé buíoch gur éirigh liom áis fhoghlama nua-aimseartha a aimsiú anseo, agus mholfainn do theagascóir ar bith atá ag plé le gasúir bhunscoile Ranganna 5&6 nó gasúir mheánscoile Bliain 1 nó 2 an leabhar seo a chur os comhair na ndaltaí.”

Deirtear nár chóir leabhar a mheas de réir an chlúdaigh, ach is cinnte go bhfuair an fhiosracht an bua orm chomh luath is a léigh mé an teideal! Le fírinne, is deacair gan a bheith meallta ag a leithéid de theideal draíochta is na gutháin phóca le feiceáil ar léarscáil na cruinne os do chomhair. Caithfidh a rá go bhfuil na léaráidí uile deartha go hiontach, is iad ag tabhairt leideanna éagsúla don mhéid atá le teacht sna leathanaigh roimh an léitheoir. Is seoid de leabhar atá anseo atá dírithe ar an léitheoir óg ... ach caithfidh mé a admháil gur bhain mé an oiread taitnimh as is a bhfuair m’iníon féin as. Gan amhras, tá bua na scríbhneoireachta ag an údar a rug greim ar mo shamhlaíocht féin chomh neartmhar is a tharraing sé an léitheoir óg leis. Tá scéal iontach spéisiúil is pleisiúrtha curtha os ár gcomhair ag an Laighléiseach san úrscéal beag gleoite seo. Is é Naoise, gasúr atá lena bhreithlá 11 bhliain d’aois a cheiliúradh, príomhcharachtar an scéil. A chéad ghuthán póca an bronntanas mór atá le fáil aige, rud a bhí sé ag iarraidh ar feadh na mblianta. Mar a tharlaíonn sé, tá plota an scéil bunaithe ar an ghuthán póca céanna .... ar na teachtaireachtaí a chuireann sé leis is an dóigh a bhfuil cúrsaí idirnáisiúnta idir Uachtarán Mheiriceá agus an ‘sceimhlitheoir’ Osama Bin Ladin tarraingthe isteach ina shaol. Is buachaill óg gealgháireach é Naoise, agus cuireann an léitheoir aithne phearsanta air trí stíl ghonta shimplí an údair. Cinnte, mhothaigh mé go raibh mé ag breathnú ar an domhan mór trí shúile Naoise ón chéad leathanach, é ina luí sa leaba, lán sceitimíní, ag smaoiniú fána bhreithlá is na rudaí a dhéanfadh sé lena fhón póca. Trí aigne, smaointe, samhlaíocht is cuimhne an ghasúir a osclaítear an scéal os comhair an léitheora. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an greann ar cheann de na buanna is na pléisiúir is mó atá le fáil ón leabhar seo. Tá fiosracht, samhlaíocht, iontais is cuimhne thar a bheith géar ag Naoise agus éiríonn an scéal iontach greannmhar ar fad nuair a théann rithim a shamhlaíochta i gcomparáid agus i ngleic le tuiscint dhaoine fásta thart timpeall air, go háitiúil agus thar lear. Sea, titeann an crú ar an tairne nuair a léiríonn an CIA i Meiriceá an-spéis sna teachtaireachtaí a chuireann Naoise chuig a dhlúthchara dílis. Faraor, is iomaí casadh is lúbadh a thagann sa scéal dá bharr. Scéal comhaimseartha bunaithe ar eachtraí beaga simplí atá anseo againn. Ar thaobh an phlota, tá deacrachtaí polaitiúla idirnáisiúnta nochtaithe ag an údar ar bhealach thar a bheith greannmhar. Léirítear fadhbanna na cruinne trí shaol an ghasúir atá lán den diabhalaíocht óg nádúrtha. Tá réalachas ag baint leis an scéal chomh maith, óir is féidir le éinne a shamhailt go dtiocfadh le míorúilt na teicneolaíochta dul go hiomlán ar strae .. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun an leabhar seo a mholadh ar thrí dhóigh: Mar Ghael, is breá liom a fheiceáil go bhfuil saothar mar seo ar fáil don léitheoir óg is go bhfuil caighdeán litríochta den scoth ag freastal orthu ... ardaíonn sé mo chroí. Mar thuismitheoir, tá mé thar a bheith sásta an leabhar a mholadh do mo pháistí féin a léamh. Mar mhúinteoir, tá mé buíoch gur éirigh liom áis fhoghlama nua-aimseartha a aimsiú anseo, agus mholfainn do theagascóir ar bith atá ag plé le gasúir bhunscoile Ranganna 5&6 nó gasúir mheánscoile Bliain 1 nó 2 an leabhar seo a chur os comhair na ndaltaí. Gabhaim comhghairdeas leis an Laighléiseach - tá éacht nach beag eile curtha i gcrích aige anseo.

More Information
ISBN/EAN 9780950649263
Author Ré Ó Laighléis
Publisher Macmillan
Publication date 20 Oct 2006
Format Paperback
Write Your Own Review
You're reviewing:Osama, Obama, Ó, a Mhama!

Osama, Obama, Ó, a Mhama!

Ré Ó Laighléis
€8.99
A modern adventure story of the electronic age. In the Irish language
Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery
OTHER PRODUCTS YOU MIGHT LIKE!