We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Books
-
Ó Loinsigh agus Mason – Bleachtairí Príobháideacha€20.00
Is bleachtairí príobháideacha iad Ó Loinsigh agus Mason, iad lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach cásanna á nglacadh acu ar fud na tíre.
-
-
Geansaithe Móra – Cnuasach Splancscéalta€12.00
Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath.
-
Deargadh Anoir€9.99
Tá sé ina chogadh dearg sa Spáinn. Ag súil le tearmann a bhaint amach teitheann teaghlach siar i dtreo na teorann. Beidh turas fada crua roimh an leaid óg Alejo trína thír féin agus tíortha eile i bhfad i gcéin. An mbeidh deireadh leis an gcogaíocht go deo?
-
Ceallach: Cín Lae Fíréin AD590-620€16.00
Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.
-
Imram agus scéalta eile€13.99
WINNER IRISH BOOK AWARDS 2023 – Foras na Gaeilge Irish Language Fiction Book of the Year Award
-
Ag Dul I Bhfad€14.99
Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998).
SHORTLISTED IRISH BOOK AWARDS 2023 – Foras na Gaeilge Irish Language Fiction Book of the Year Award
-
Béal na Péiste€14.99
SHORTLISTED IRISH BOOK AWARDS 2023 – Foras na Gaeilge Irish Language Fiction Book of the Year Award
-
An Mac Tire Deireanach€8.99
Éire, 1652. Tá saol Úna trína chéile – tá fear uafásach darbh ainm Cromail tagtha go hÉirinn lena chuid saighdiúirí. Tá gunnaí acu – uirlisí nua, scanrúla a d’fhéadfadh duine a mharú ar an toirt. Tá eagla agus imní ar na daoine, agus ní hiad siúd amháin atá thíos leis – tá Cromail ag iarraidh gach mac tíre in Éirinn a mharú, chomh tapa agus is féidir.
-
Seanairgead, Airgead Nua (Open Door - Irish Edition)€6.99
Baile Atha Cliath, sa bhliain 1972. Deagoiri is ea Ruaidi agus Pancho, a rugadh is a togadh i gceantar an Phoirt Thuaidh. Ta Ruaidi ag barr an ranga, agus ta se sarmhaith ag an mata.