Úrscéalta agus ficsean / Novels & Fiction

Items 31-40 of 123

Set Ascending Direction
  1. Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna
    Diarmuid Johnson
    €16.99

    Athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh an tír faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh.

  2. Jimín Mháire Thaidhg (canúnach neamhghiorraithe / original complete version, Munster dialect)
    ‘An Seabhac’ (Pádraig Ó Siochfhradha) a scríobh Curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil Maisithe ag Andrew Whitson
    €15.00

    Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg. Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir dhaoine fásta agus don bhás amach as.

  3. Tinte na Farraige Duibhe
    Tim Armstrong
    €15.00

    “Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.”

     

per page