FREE BOOK FRIDAY is here! Select a free book at checkout with every order. Find out more

Thar thréimshe leathcheád bliana, bhí an mórscoláire Breandán Ó Buachalla ag gabháil do staidéar ar Ghaeilge Chléire i gContae Chorcaí. Mar chuid den taighde sin, bhí cnuasach focal á réiteach lena fhoilsiú aige a léireodh sainiúlacht chanúint an oileáin. Ach cailleadh gan choinne sa bhliain 2010 é agus fágadh an staidéar sin gan chríochnú. D'fhonn an saothar a thabhairt chun críche, tá James McCloskey agus Cathal Goan i ndiaidh cúram eagarthóireachta ar láimhscríbhinn Uí Bhuachalla a thabhairt orthu féin agus is é Cnuasach Chléire toradh na hoibre sin. Díolaim shaibhir ábhair atá ann ar scathán é ar shaol agus ar theanga Chléire, tráth a raibh an Ghaeilge beo i gcónaí ar an oileán mar theanga phobail ach í ag dul i léig. Miontaifead é ar ghnéithe ársa teangeolaíochta na canúna, ach sainléiriú fosta é ar shlite maireachtála agus nósanna cultúir atá imithe ar fad anois.

A list of words and terms in the Irish of Cape Clear, together with phonemic transcription and illustration of usage, that conveys the richness and particularity of the dialect and the lives once led by islanders.

More Information
ISBN/EAN 9781855002340
Author Breandán Ó Buachalla. Edited by James McCloskey and Cathal Goan
Publisher Dublin Institute of Advanced Studies
Publication date 12 Aug 2017
Format Paperback
Write Your Own Review
You're reviewing:Cnuasach Chléire

Cnuasach Chléire

Breandán Ó Buachalla. Edited by James McCloskey and Cathal Goan
Special Price €24.99 Regular Price €45.00

A list of words and terms in the Irish of Cape Clear, together with phonemic transcription and illustration of usage, that conveys the richness and particularity of the dialect and the lives once led by islanders.

Out of stock