We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
312 lch. Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d'fhág sí ina diaidh sa tseanscoil.
Fite fuaite i scéal Rós tá scéal an mhúinteora idéalaigh agus a choimhlint leis an scoil, tá scéal an tsagairt atá i gcoimhlint leis an ól, tá scéal na mbulaithe agus na mboicíní áitiúila. Trí na scéalta éasgsúla seo, déanann an t-údar léiriú ar ghnéithe tábhachtacha den tsochaí chomhaimseartha, agus é sin déanta ar bhealach atá soléite, taitneamhach.
ISBN/EAN | 9780898332872 |
---|---|
Author | Colm Mac Confhaola |
Publisher | Leabhar Breac |
Publication date | 3 Jun 2013 |
Format | Paperback / Bog |