We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Leabhair páistí / Children's Books in Irish
-
Na Trí Mhuicín (Crua)€12.99
I gcró na muc bhí trí mhuicín. Sna sála ar An Slipéar Gloine, tá Futa Fata ar bís an dara leabhar inár sraith d’athinsintí véarsaíochta ar na síscéalta clasaiceacha a chur i lámha léitheoirí.
-
-
Bí Fiáin, a chroí€9.99
Grá do shaol álainn an dúlra agus grá do nadúr misniúil an pháiste - tá siad araon le fáil sa leabhar aoibhinn seo. Déan damhsa leis an eilifint, bí ag rith leis an mac tíre, bí ag luascadh leis an moncaí. I bhfocail eile, BÍ FIÁIN!
-
Eileanór an Eilifint Éagsúil QR Ed.€10.95
Níl Eileanór in ann ceol a dhéanamh lena trúnc. An mbeidh sí ina heilifint cheart go deo?
-
Frog sa Spéir (QR Edition)€10.99
Is frog speisialta é Frainc. Níl sé sásta a bheith ag snámh.Ag iarraidh eitilt atá sé! Deir Mamaí agus Daidí leis nach bhfuil frog ar bith in ann eitilt – ach meas tú an gcuirfidh sé sin stop leis?
-
Rita agus an tEachtrán€9.99
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Ba bhreá léi eitilt i spáslong go dtí pláinéid eile agus eachtrán a bheith aici mar chara. Tuigeann Rita nach mbíonn sé éasca teanga agus nósanna nua a fhoghlaim. Tiontóidh an t-eachtrán saol Rita — agus an leabhar seo — bunoscionn!
-
Rita agus an Dineasár€9.99
Is Cailín beag í Rita le smaointe Móra. Níor mhaith léi gnáthphrata cosúil lr coinín,cat nó iasc órga. Ba mhaith le Rita, Dineasár!! Ach cad é mar a thugtar cúram dá leithéid?
-
Deargadh Anoir€9.99
Tá sé ina chogadh dearg sa Spáinn. Ag súil le tearmann a bhaint amach teitheann teaghlach siar i dtreo na teorann. Beidh turas fada crua roimh an leaid óg Alejo trína thír féin agus tíortha eile i bhfad i gcéin. An mbeidh deireadh leis an gcogaíocht go deo?
-
Muireann agus an Teach Solais€8.99
Nuair a mhúsclaíonn Muireann san oíche, tá rud éigin mícheart, iomlán mícheart. Níl an teach solais taobh amuigh dá fuinneog ag splancarnach níos mó! Tá Daidí amuigh ag iascaireacht san oíche ina bháidín dearg.
-
Muireann agus an Dianghlasáil€8.99
D’oibrithe sláinte agus cúraim gach áit. Cluineann Muireann an nuacht faoi thinneas tubaisteach nua. Chun cosc a chur air, níl cead ag duine ar bith teacht chuig an oileán ná imeacht. Ach tá daidí deas Mhuirinne thall ar tír mór ag díol éisc. Cad é mar a dhéanfaidh sí gan é?