16 dán atá ar fáil, gach uile cheann sáite le híomhánna iontacha réalaíocha. Sa dán ‘Báisteach’ cuireann sí an bháisteach atá ag titim ar dhíon an tí i gcomparáid le “Feairín beag le casúirín ag bualadh aon, dó, trí.” Tá talún faoi leith ag Uí Luachra agus tá bua na samhlaíochta aici. Feictear sampla iontach de seo i ‘Brionglóidí’ agus is é seo an dán is fearr liom sa chnuasach.

Léirítear páiste agus é/í, ag dul a choldladh ina “leaba theolaí”. Insítear dúinn go mbíonn turais speisialta agus eachtraí draíochta ag an bpáiste agus é/í ina c(h)odladh so sámh. Dán álainn atá ann agus measaim go bhféadfadh páistí óga ceangal pearsanta a dhéanamh leis an gceann seo ach go háirithe. Is léaráidí mhac an scríbhneora, Niall Ó Luachra, a théann leis na dánta sa chnuasach seo agus cuireann na pictiúir seo go mór leis an saothar.

Íomhánna gleoite geal atá ann a mheallfadh agus a spreagfadh na leanaí óga. Cnuasach fíor-álainn, fíorthaitneamhach atá sa leabhar filíochta seo. Cruthaíonn an file iontas sna gnáth-rudaí agus cuirfear miongháire ar d’aghaidh agus tú i mbun léitheoireachta.

More Information
ISBN/EAN 9781857918090
Author Siobhan Ui Luachra
Publisher An Gum
Publication date 20 Dec 2009
Format Paperback / Bog
Write Your Own Review
You're reviewing:Rannta Beaga

Rannta Beaga

Siobhan Ui Luachra
€4.99

Rannta Beaga is ea an chéad leabhar atá tagtha amach ó pheann Shiobhán Uí Luachra. Is múinteoir bunscoile í agus is léir ó théamaí agus ó fhoclóir na ndánta seo go bhfuil taithí na mblianta aici ag plé le leanaí.

Estimated delivery in 1-5 working days
Read more about our shipping and delivery