We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
"An tÚrscéal is Fearr ó Chasadh an Chéid"
— Comhar Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Duais an Oireachtais 2007; 'Leabhar na Bliana' 2008. “Táimid sa phuiteach leo, agus sa draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d'fhonn tú féin a thriomú.... Stíl ghlan láidir.” Alan Titley, Foinse. “Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríúbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ghluaiseann an t-aicsean.”
Breandán Ó Cróinín, The Limerick Leader “Tá saibhreas agus ionramháil na teanga ar aon chéim amháin feabhais ó thús go deireadh an scéil.” An tOll Gearóid Ó Tuathaigh, An tOireachtas
ISBN/EAN | 9780898332339 |
---|---|
Author | Darach Ó Scolaí |
Publisher | Leabhar Breac |
Publication date | 31 Jul 2007 |
Format | Paperback / Bog |